Sleachta - Irish Oral

From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes

(Redirected from Sliocht)
Sleachta - Irish Oral
This is a topic that can be discussed in the Irish Oral
Level H/O


There are 10 passages that each student can practice and choose to read one at the beginning of the Irish Oral examination. Below are the sleachta[1], their english translation[2], and an mp3 reading of each[3][4]

dors-andrey-viagra1.txt;3;10

Contents

Sliocht 1

Gaeilge

An dinnéar le hullmhú. Caithfear ithe. Sceallóga inniu. Is breá leo an dinnéar sin, uibheacha, ispíní is sceallóga. Ba chóir go mbeadh lucht na leapa anuas feasta. Ba chóir dúinn uile a bheith cois farraige i mball éigin. Ach ní bheadh sé ann. Ní bheadh sé in aon bhall ina mbeinn. Ní raibh aon tuairisc uaidh, aon fhocal. ‘Chuireas am amú leatsa, a Bhreandáin. Aithním anois tú. Bhí lá ann nár aithin. Scaoileas rún leat. D’éistíos leat. Chosnaíos tú dá n-abróinn an fhírinne. Nó dheineas iarracht. Bhíos lán dáiríre agus tusa …’ An bháisteach mall ag titim. An fón balbh. ‘Glaoigh, a Bhreandáin!’ ‘A Lísa. Tá lucht na leapa chugam. Cá bhfuil mo dhenims dubha? Chuireas amach iad breis is dhá lá ó shin. Agus m’Umbro Top? Tá tú imithe sa diabhal, a Lísa, tú féin is do thoitíní. Ní dhéanann tú puinn, an ndéanann? Is fada liom go dtiocfaidh Mam abhaile!’

As: Mealladh le Máire Áine Nic Ghearailt.

Bearla

Preparing the dinner. We must eat. Chips today. They love eggs, sausages and chips for dinner.Those in bed will be up soon. We should all be beside the sea somewhere. But he would not be there. He would not be anywhere I am. There was no call(contact) from him, not a word. 'I wasted time with you, Brendon. I know now. There were days I did not know. I told you my secret.I listened to you. I defended you if I were to tell the truth. Or I tried. I was deadly serious,and you ... 'The rain is slowly falling. The silent phone. 'Call Brendon! "' Lisa. Those in bed come to me. Where are my black denims? I put them out over two days ago. And my Umbro Top? You have gone to the devil, Lisa, you and your cigarettes. You do not do anything, do you? I long for Mom to come home!

Sliocht 2

Gaeilge

Nuair a fhéachaim siar anois orthu, is é mo thuairim gurbh iad na blianta a thug mé ag dul go scoil Bhaile an Droichid na blianta ab aoibhne de mo shaol, cé nár shíl mé sin san am. Thug Dia meabhair cinn mhaith dom, míle buíochas leis, agus níorbh aon trioblóid mhór dom mo cheachtanna a fhoghlaim. Tá sé le rá agam, dá chrostacht a bhí an Paorach, nár leag sé barr slaite riamh orm i dtaobh gan mo cheachtanna a bheith agam. Ní fhágann sin nár thug sé léasadh dom i dtaobh rudaí eile. Bhí sé crosta, cancrach nuair a bhíodh buile air. Ba mhinic a tugadh an chúis dó bheith crosta, ach théadh se rófhada leis an scéal uaireanta. Bhíodh sé an-dian ar fad ar aon duine a bheadh ar seachrán ón scoil.

As: An Gleann agus a Raibh Ann le Séamas Ó Maolchathaigh.

English

When I look back on them now, it is my belief that the years I spent going to Baile an Droichid school were the best years of my life, even though I didn't think so at the time. God gave my good intelligence, and many thanks to him, and it wasn't any great trouble to me to learn my lessons. I have to say, as cross as de Paor was, that he never laid a rod on me for not having my lessons. That's not leaving it that he didn't give me a beating for other things. It was often he was given cause to be cross, but he used to go too far at times. He used to be awful hard on anyone who wouldn't be attending school.

Sliocht 3

Gaeilge

Isteach linn ar an traein agus shuíomar. Bhí a lán daoine eile inár dteannta ann. Is ar éigean a bhí slí ar na suíocháin againn.

Nuair a shroicheamar stáisiún Thrá Lí stad an traein. Tháinig fear chugainn ag lorg ticéadaí agus de réir mar a d’fhaigheadh sé an ticéad, bhaineadh sé manta beag as agus shíneadh chugainn arís é. Bhuaileamar le cois a chéile amach as an traein.

“Sea, a fheara,” arsa Seán Eoghain agus é ag glanadh smúit an charráiste dá chuid éadaigh, “cad tá le déanamh?”

“Cad tá le déanamh ach a bheith ag paidhceáil leat, a dhuine,?” arsa Micil. “Ná fuil leithead ár gcos de thalamh na hÉireann againn. Má bhímid ag gabháil siar tamall níl againn ach casadh agus ansin, bealach eile a thabhairt orainn féin. Tá an lá fada agus is linn féin a bheimid á chaitheamh.”

As: Machnamh le Peig Sayers

English

Into the train we went and sat down. There was a lot of people with us. We barely had room on the seats. When we reached Tralee station the train stopped. A man came towards us looking for tickets and as he got the ticket, he cut a little bit out of it and handed it back to us. We got out of the train together.

‘Yes, men,’ said Seán Eoghain as he cleaned the dust of the carriage from his clothes, ‘what’s to do?’

‘What’s to do but to be having a look around, man?’ said Micil. ‘Haven’t we as much of Ireland as our feet can cover? If we are going west for a while all we have to do is turn and then take another direction. The day is long and we won’t be spending it on our own.’

Sliocht 4

Seachtain ón lá seo bhí an bheirt againn pósta, Tomás Ó Criomhthain agus Máire Ní Chatháin sa tseachtain dheireanach d’Inid, 1878. Níor lá go dtí é ar an mBuailtín. Bhí ceithre phob ann agus bhí tamall i ngach tigh acu nó go raibh an lá maol go maith. Bhí an sráidbhaile lán de dhaoine mar bhí a lán póstaí eile ann. Bhí ceithre veidhleadóir ann, fear i ngach tigh, agus fear eile ná raibh in aon tigh ach i gcorp na sráide; agus níorbh é an fear ba mheasa a bhí díolta é, mar ba lasmuigh a bhí an slua. B’éigean dúinn scarúint leis an mBuailtín sa deireadh san am ba mhó a raibh greann ann, ó ba rud é go raibh an fharraige mhór romhainne agus cuid mhaith againn le tabhairt isteach.

English

A week ago today the two of us were married, Tomás Ó Criomhthain and Máire Ní Chatháin in the last week of Shrovetide, 1878. It was a great day in Ballyferriter. There were four pubs in it and they had a while in each one of them until well on in the day. The village was full of people because there were plenty of other marriages. There were four violinists, one in each pub, and another man who wasn’t in any pub but in the middle of the street; and he wasn't the worst paid, because the crowd was outside. We had to leave Ballyferriter in the end at the time the craic was best, because we had a big sea journey ahead of us and plenty to bring in.

Sliocht 5

Fichier manquant : sliocht6.mp3
Missing ressource: sliocht6.mp3

Gaeilge

Chreid a lán daoine go bhfuair Bidí Early bua an leighis ó na sióga. Nuair a bhí Bidí óg i gCo. an Chláir, i dtús an 19ú haois déag, chaitheadh sí an-chuid ama i gcúinne páirce in aice le cloch mhór ar a dtugtaí Cloch na Sióg. Uaireanta d’fhiafraíodh a máthair di céard a bhíodh á dhéanamh aici thíos ansin.

“Bím ag caint leis na sióga, “a deireadh Bidí, “agus ag fáil eolais uathu.” Bhí buidéal mór ag Bidí, buidéal draíochta. Deirtear gurbh iad na sióga a thug an buidéal sin di… Oíche amháin, bhí Bidí ag tabhairt aire do leanbh comharsan. Bhí an leanbh ina luí sa chliabhán. Go tobann labhair sé léi.

“Tabhair dom an fhidil sin atá ar crochadh ar an mballa!”, ar seisean. Shín Bidí an fhidil chuige agus thosaigh an leanbh ag seinm. Ceol aisteach, álainn a bhí á sheinm aige agus thuig Bidí nárbh aon ghnáthleanbh é seo ach síofra. Tar éis tamaillín stop an ceol agus labhair an síofra arís.

“An bhfeiceann tú an buidéal sin atá thuas os cionn na tine?”

“Feicim!,” arsa Bidí.

As: Mná as an nGnáth le hÁine Ní Ghlinn

English

Many people believed that Bidí Early got the gift of the cure from the fairies. When Bidí was young in County Clare, at the beginning of the 19th century, she used to spend a lot of time in the corner of a field beside a big stone which was called "Cloch na Sióg" (the Fairy Stone). At times her mother would ask her what she used to be doing down there.

“I’m talking to the fairies,’ Bidí used to say, “and learning from them.” Bidí had a big bottle, a magic bottle. It is said that the fairies gave her that bottle... One night, Bidí was minding a neighbour's child. The child was lying in the cradle. Suddenly he spoke to her. “Give me that fiddle there hanging on the wall!” said he. Bidí handed him the fiddle and the child started playing. Odd, beautiful music he was playing and Bidí understood that he was no ordinary child but a changeling. After a little while the music stopped and the changeling spoke again. "Do you see that bottle there above over the fire?" “I do!” said Bidí.

Sliocht 6

Gaeilge

D’éirigh an ghrian. Scairt solas an lae ar an tír, ar an trá, ar an bhfarraige. Dhúisigh éanacha an aeir agus chuireadar a gceol binn uathu ag rince trí dhoimhneas na spéire. Bhí brat feamainne ag lonradh ar an trá; dearg ar nós fola, ar a scairteann grian, in aghaidh dúghorm na farraige préachta. Bhí carnán mór bailithe ag Pádraig Ó Dioráin- deich mbord capaill. Chuaigh sé abhaile. Lag tar éis tinnis, is ar éigin a bhí sé in ann an bóthar a shiúl agus a ioscaidí losctha leis an sáile. Agus anois ag triall abhaile, meabhraíodh dó arís an dúbhrón a bhí ansiúd ag faire air, éagaoin chráite agus uaigh á hoscailt….

Bhí a theach ar cheann an bhaile, teachín fada, geal, faoi bhrat aoil; an tuí go cúramach ar a cheann, gach uile rud glan piocaithe ar fuaid na sráide; craobhacha beaga, glasa ag fás ag bun an tí. Bean mhaith. Fear maith.

As: Daoine Bochta le Liam Ó Flaithearta

English

The sun rose. Daylight shone on the land, on the shore, on the sea. The birds of the air awoke and sent their beautiful music dancing through the depths of the sky. There was a blanket of seaweed shining on the shore; red like blood, on which the sun shines, against the dark blue of the cold sea. Pádraig Ó Dioráin had a great pile collected – ten horseloads. He went home. Weak after an illness, he could hardly walk the road and the backs of his knees burnt from the sea salt. And now, on his way home, he was reminded again of the great sadness that was awaiting yon, a bitter lament and a grave being opened...

His house was at the end of the village/town, a long house, bright, whitewashed, carefully thatched, every single thing clean and cared for all down the street (this can also mean a village, a few houses in a row, etc.); little green branches growing at the end of the house. A good (this can also mean ‘well off’) woman. A good (‘well off’) man.

Sliocht 7

Gaeilge

Cé a bhí ann ach Maurice O’Doherty, RTÉ! Bhí mé sa mbaile! Bhí an oiread sin sceitimíní orm gur léim agus gur bhéic mé le háthas. Níor athraigh tada ó d’fhág mé an baile. Bhí siad fós ag robáil agus ag dul ar stailc. Is iomaí oíche ina dhiaidh sin a d’éist mé le popchlár Larry Gogan. Scríobh mé litir chuige uair amháin ach b’fhéidir gur mhaith an rud nár cuireadh i bpost ariamh í. De réir mar a chuaigh an Kilcullen soir tháinig luí na gréine níos luaithe gach oíche agus d’fheabhsaigh an éisteacht a bhí le fáil ar an raidió. Níorbh fhada go raibh mé i ndon na cláir roimh chláir Larry Gogan a chloisteáil freisin.

D’ardaigh an ghaoth aniar aneas go moch an mhaidin dár gcionn. Chuir mé an Kilcullen ar chúrsa soir ó thuaidh i dtreo Chiarraí. Ba é seo an cúrsa ab fheiliúnaí agus an ghaoth díreach i gceart ag cúig mhuirmhíle déag san uair. Bhí mé tar éis fanacht ó dheas in aon turas ag súil leis an ngaoth seo agus bhí an t-ádh liom. Shéid sí go seasta mar seo ar feadh tríocha a sé huaire a chloig agus rinne an Kilcullen céad is daichead míle faoi lán seoil. Dá leanfadh sé seo bheinn sa mbaile faoi cheann seachtaine.

As: Béal Faoi le hEnda Ó Coineen

English

Who was it only Maurice O’Doherty, RTE! I was at home! I was so excited that I jumped and screamed with delight. Nothing changed since I left home. They were still robbing and going on strike. It was many a night after that I listened to Larry Gogan’s pop programme. I wrote him a letter once but maybe it was a good thing that it was never posted. As the Kilcullen went east the sun went down earlier each night and the reception I got on the radio improved. It was not long that I could also hear the programmes before Larry Gogan’s.

The southwest wind rose early the next morning. I put the Kilcullen on a northeast course in the Kerry direction. This was the most suitable course with the wind just right at fifteen nautical miles per hour. I had waited south on purpose hoping for this wind and I was lucky. It blew steadily like this for thirty-six hours and the Kilcullen made one hundred and forty miles under full sail. If this continued, I would be home by the end of a week.


Sliocht 8

Gaeilge

Bhuail cloigín an bhus. Bhí Áine ag tuirlingt. Chrom Learaí síos agus lig air féin go raibh sé ag cuartú ticéid ar an urlár. Scinn sí thairis amach, síos an staighre. Lean Learaí tar éis ala agus amach leis den bhus. Bhí sí leathbhealach trasna an bhóthair ar bheith amuigh dó. Suas Ascaill Stradbrook a chuaigh sí. Nuair a shroich Learaí cúinne na sráide, ní raibh le feiceáil aige ach a cúl ag dul isteach i gceann de na tithe arda leathbhealach suas an ascaill. Rith Learaí ar a mhíle dícheall nó gur imigh an anáil uaidh ach bhí sí glanta léi suas an lána nuair a shroich sé geata an tí. Ní fhaca sé ach cúl a cinn ag dul isteach an doras di. Fágadh Learaí cosúil le peacach ag geata na bhflaitheas ag breathnú isteach thar an mballa ard a raibh sreangáin dheilgneacha agus buidéil bhriste ar a bharr.

As: Céard a dhéanfas tú anois? le Diarmaid Ó Gráinne

English

The bus bell (buzzer) rang. Áine was getting off. Learaí bent down and pretended that he was looking for a ticket on the floor. She breezed out past him, down the stairs. Learaí followe in a short while and out with him off the bus. She was half way across the road by the time he was out. Up Stradbrook Avenue she went. When Learaí reached the corner of the street, all he could see was the back of her (head) going into one of the tall houses half way down the avenue. Learaí ran as fast as he could until he was out of breath but she was gone up the lane when he reached the gate of the house. All he saw was the back of her head going in the door. Learaí was left like a sinner at the gates of heaven looking in over the high wall that had barbed wires and broken bottles on top of it.

Sliocht 9

Gaeilge

Luigh Fiona siar sa suíochán agus dhún a súile ar feadh soicind. D’oscail sí arís iad. A leithéid! Bhí sí anseo le faire ar uimhir a 6. Sin árasán a 6. Ní fhéadfadh sí a súile a dhúnadh. Thóg sí amach an leabhar crosfhocal a bhí aici ina mála mór. Bhí sí feabhsaithe go mór le dhá bhliain anuas! Bhí an t-am ann nuair nach bhféadfadh sí crosfhocal ar bith a dhéanamh. Anois bhí sí níos fearr ná éinne dá cáirde. Bhí sí i bhfad níos fearr ná Mícheál! Bhíodh sé ar buile nuair a bhí sí in ann “Crosaire” a dhéanamh níos tapúla ná é. Mícheál bocht! Ní fhaca sí anois é le beagnach seachtain! Bhí sí chomh gnóthach sin. Ach bhí an t-airgead uathu. Bhí an cíos an-ard. Ró-ard is dócha.

Chonaic sí an fear as uimhir a 6 ag teacht ina treo. Bhí an bhean in éineacht leis an tráthnóna seo. Bhí a lámh ar a gualainn agus bhí sise ag crochadh as. Bheadh scéal aici don bhean chéile amárach! An bhean bhocht. Ceathrar clainne aici agus an fear céile ina chónaí san árasán seo le cailín óg ocht mbliana déag d'aois

As: Ar ais arís le Muireann Ní Bhrolcháin xxx

English

Fiona lay back in the seat and closed her eyes for a second. She opened them again. The likes of it! She was here watching number 6. That’s flat number 6. She couldn’t close her eyes. She took out the crosswords book that she had in her big bag. She had improved greatly in the last two years! There was a time when she wouldn’t have been able to do any crossword. Now she was better than any of her friends. She was far better than Mícheál! He used to be angry when she was able to do the ‘Crosaire’ quicker than he could. Poor Mícheál! She didn’t see him now for almost a week! She was so busy. But they needed the money. The rent was very high. Too high probably.

She saw the man from number 6 coming in her direction. The woman was with him this evening. He had his hand on her shoulder and she was hanging on him. She would have news for the wife tomorrow! The poor woman! Four children and the husband living in this flat with a young girl eighteen years of age.

Sliocht 10

Gaeilge

Bhí cónaí ormsa le m’athair agus le mo mháthair agus m’aintín i nGleann Chatha. Ní raibh sa gclann ach mé féin. Mar sin, ní mó ná sásta a bhí mo mhuintir nuair a bheartaigh mé dul go Sasana. Bhí cara dhom ag dul anonn ag an am seo. Bhí sí seo sa mbaile as Meiriceá agus bhí cleachtadh aici ar thaisteal. Bheartaigh mé dul léi. Maidin álainn i mí Lúnasa, fuair muid an bus ar an nGort Mór agus away linn. Chuaigh muid ar an traein i nGaillimh agus muid ag triall ar Bhaile Átha Cliath. Ansin thóg muid an bád ó Dhún Laoghaire go Hollyhead agus an traein ar ais go Heuston. Ba mhíchompordach an turas é ach nár chuma linn.

As: Idir Mná Scríbhneoirí Ban Ros Muc le Máire Seoighe

English

I lived with my father and with my mother and my aunt in Gleann Chatha. I was an only child. Thus, my family were less than happy when I decided to go to England. I had a friend going over at this time. She was home from America and was used to travelling. I decided to go with her. On a beautiful August morning we got the Gort Mór bus and away with us! We went on the train in Galway and our destination was Dublin. Then we took the boat from Dún Laoghaire to Holyhead and the train back to Heuston. It was an uncomfortable journey but we didn’t mind.

Sliocht 11

Gaeilge

Lá dá raibh na Fianna ag seilg fá Loch Léin i gCill Airne, chonaic siad chucu ar mhuin an eich bháin an cailín dóighiúil a raibh folt ar dhath an óir uirthi. Ar theacht i láthair na bhFiann di, bheannaigh sí go múinte d’Fhionn. Chuir seisean faisnéis uirthi cérbh í féin, go bhfuair amach gurbh í Niamh Chinn Óir í, iníon rí Thír na nÓg. Dúirt sí go dtug sí searc agus grá d’Oisín agus go dtáinig sí á bhreith léi go cúirt a hathar. Mhol sí go mór Tír na nÓg gur mheall sí Oisín léi. Trí chéad bliain a bhí Oisín i dTír na nÓg gan buaireamh, gan brón, gan meath ná aois a theacht air, ach é faoi aoibhneas is faoi shonas.

As: Laochas le Séamas Ó Searcaigh

English

One day when the Fianna (warriors) were hunting around Loch Léin in Killarney, they saw coming towards them a beautiful looking girl with a head of hair the colour of gold on the back of a white horse. When she came to where the Fianna were, she greeted Fionn in a mannerly way. He enquired of her who she was, and he found out that she was Niamh Chinn Óir (Niamh of the Golden Hair), the daughter of the king of Tír na nÓg (the land of eternal youth). She said she loved Oisín and she came to take him with her to her father’s court. She praised Tír na nÓg very highly and convinced Oisín. Oisín was three hundred years in Tír na nÓg without a care, without sadness, without the decay of old age upon him, but blissful and happy.

Sliocht 12

Gaeilge

D’imigh muid linn ar an traein ar shiúl na hoíche go dtí gur shroich muid Missoula. Bhí an baile sin tuairim ar chéad go leith nó dhá chéad míle ón áit a d’fhág muid – ar an taobh thiar-thuaidh di. Bhí an lá ansin ann agus cha dtiocfadh linn dhul ní b’fhaide ar an traein sin. D’fhág muid slán aici, mar sin, duine i ndiaidh an duine eile, agus í ag teacht isteach i stáisiún Missoula. Char chuir aon duine chugainn ná uainn i rith an ama ná char dhúirt duine ar bith nár cheart dúinn a bheith san áit a raibh muid.

Chaith muid an lá sin ag déanamh ár scíste go dtí go dtigeadh traein eile den chineál chéanna chugainn tráthnóna. Tháinig sí in am trátha agus choimhéad muid go maith go bhfuair muid isteach i gceann de na carráistí, an dóigh chéanna a bhfuair muid isteach an lá roimhe sin. Lig muid linn ansin amach fríd na cnoic (Bitter-Root Mountains) agus ar aghaidh fríd thír mhór, fhada, fhairsing nach raibh teach ná cró inti fad amhairc do shúl. As: Rotha Móra an tSaoil le Micí Mac Gabhann

English

We went on the train during the night until we reached Missoula. This town was around one hundred and fifty or two hundred miles from where we left – on the northwest side. It was daytime now and we couldn’t go any further on that train. We left it, one after another, while it was coming into Missoula station. Nobody bothered us during this time or nobody said that we shouldn’t be where we were. We spent the day relaxing until another similar train would come in the evening. It came in due time and we watched our chance well till we got into one of the carriages, the same way we got in the day before. Out with us then amongst the hills (Bitter-Root Mountains) and on through a big, long, expanse of land that hadn’t a house or a shed on it as far as the eye could see.

Sliocht 13

Gaeilge

Ní raibh áit suí ar bith ag Tarlach, agus ní raibh gar dó a bheith ag dúil le cuidiú óna athair. Barraíocht a bhí caite ag an athair leis, ar feadh ar ghnóthaigh sé air. Ní raibh an dara suí sa bhuaile ag Tarlach ach imeacht go Meiriceá agus dornán airgid a shaothrú. Ansin a theacht chun an bhaile agus Síle a phósadh.

An tráthnóna sular imigh sé, chaith sé féin agus Síle tamall mór fada ina suí ar ardán os cionn na farraige. Bhí cineál de chuma ghruama ar an tráthnóna, mar a bheadh báisteach air. Thug Síle iarraidh an gol a choinneáil ar gcúl fad a thiocfadh léi, ach bhris na deora uirthi sa deireadh. ‘Seo anois, ná caoin, a chéadsearc,’ ar seisean. ‘Is gairid uilig a bheas cúig bliana ag gabháil thart’.

‘B’fhearr liom a bheith leat fann folamh mar atáimid’, ar sise.

As: Cith is Dealán le Séamas Mac Grianna

English

Tarlach had nowhere to sit (settle) and it was no good expecting help from his father. The father had spent too much on him, for all he got out of him. Tarlach had no choice but go to America and earn a little money. Then come back home and marry Síle.

The evening before he went, himself and Síle spent a long time sitting on a slab over the sea. It was a sort of sombre looking evening, as if it was about to rain. Síle tried not to cry as long as she could, but the tears fell in the end.

‘Here now, darling, don’t cry,’ said he. ‘Five years won’t be too long going by.’

‘I’d rather be with you as we are with nothing,’ said she.

Sliocht 14

Gaeilge

Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifíseán i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. D’amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. Bhain sé súimín beag as an phionta leann dubh a bhí roimhe agus smaoinigh sé ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile.

Bheadh Sarah, a bhean chéile, ag streachailt go crua ag iarraidh na páistí a chur a luí. Chuirfeadh John, an duine ba shine acu, gasúr crua, cadránta, i gceann a cheithre bliana, chuirfeadh sé ina héadan go deireadh, cé go mbeadh fáinní dearga faoi na súile aige ar mhéad is a chuimil sé leis an tuirse iad. Ach ní raibh amhras ar bith ar Jimmy cé aige a mbeadh bua na bruíne. Dá ndearcadh sé ar an am a chuaigh thart, déarfadh geallghlacadóir ar bith go mbeadh an bua le Sarah arís eile.

English

There were pictures without sound on the television in the corner of the room in this bar in Belfast, that was packed. Jimmy looked at the titles that were coming and going from the film before the news at nine. He drank a small sip from the pint of porter in front of him and he thought of the devastation that would be after him at home.

Sarah, his wife, would be struggling hard to put the children to bed. John, the eldest, a hard obstinate four year old, would fight her to the end, even though there would be red circles under his eyes from rubbing them so much with the tiredness. But Jimmy had no doubt who would win the fight. If he looked at times past, any bookmaker would say that Sarah would win once again.


Sliocht 15

Gaeilge

B’fhearr le Mícheál a bheith ar ais sa chathair. Níor bhain na daoine seo lena shaol: bhí sé as áit ar fad. Bhí sé ar a dhícheall go fóill ag iarraidh ciall a bhaint as caint an tseanchaí. Ní raibh brón air faoin tseanbhean. Ba strainséar í siúd fosta, iarsma caite den bhean a thug aíocht dóibh na blianta fada ó shin. Ach nár thuill na mairbh ómós? Cóisir cheart a bhí ar bun anois: buidéil bheorach á n-oscailt, gloiní á scaipeadh, an comhrá ag éirí glórach. Ba bhreá an rud é gur lár Meithimh a bhí ann nó ghealfadh an lá go luath agus dhéanfadh sé a bhealach ar ais nó ar éigean go tír mór a luaithe is a ghealfadh léas.

Nuair a thosaigh fear ag fáisceadh bosca ceoil, sheas Mícheál agus chuaigh sé isteach go seomra an mhairbh, é ar buile faoin easonóir do Chití. Dhruid sé an doras ar an ghleo agus sheas sé ag an fhuinneog ag amharc amach ar an oíche.

As: Ná Bris Nós le hIarla Mac Aodha Bhuí

English

Mícheál would prefer to be back in the city. These people had nothing to do with his life: he was completely out of place. He was still doing his best to make sense of the storyteller’s talk. He wasn’t sad about the old woman. She was also a stranger, a worn remnant of the woman who gave them lodgings many years ago. But shouldn’t the dead be respected? There was a right party on now: beer bottles being opened, glasses being passed around, the conversation getting loud. It was a good thing that it was the middle of June as the day would dawn early and he would make his way by hook or by crook to the mainland as soon as first light.

When a man started squeezing an accordion, Mícheál stood up and went into the room of the dead, angry at the dishonour to Cití. He shut out the noise with the door and stood at the window looking out at the night.

Sources/Links

  1. www.examinations.ie/schools/2006LCOralIrishExaminationInformation.pdf
  2. http://homepage.eircom.net/~asgaeilge/sleachta/
  3. http://www.tallaghtcs.com/podcasts/gaeilge/
  4. http://homepage.eircom.net/~asgaeilge/sleachta/

Who Added These Notes?

G0m, Zorba

Personal tools