Mo Ghile Mear
From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes
Bíonn an file brónach gach lá mar gur theith Prionsa Searlas go dtí An Fhrainc.
Deir an file gur laoch den scoth Prionsa Searlas agus níor chodail sé i gceart ó d’imigh sé.
Níl áthas ar an gcuach ó shin agus tá na huaisle, na filí agus na daoine léannta cráite.
Deir an file go bhfuil an nádúr (dúlra) I gcruachás agus go bhfuil stoirm mhór ann ó d’imigh Prionsa Searlas.
Tá gach éinne go brónach agus níl na ceoiltóirí ag seinm ceoil ná na filí ag cumadh aon fhocal filíochta ó shin.

