Jack (Irish Poem)

From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes

Cuimhníonn sí ar an bhfear óg a raibh sí ag rince leis fadó.

Fear óg, láidir, croíúil agus mac feirmeora ba ea é.

Is cuimhin léi a lámha thart uirthi agus iad ag rince.

Fágfar feirm aige, pósfaidh sé agus tógfaidh sé clann ach ní bheidh sé go deo arís mar a bhí sé an oíche sin.

Guíonn sí rath agus aoibhneas air mar b’é a rogha pháirtí an samhradh sin.

a

Dán maoithneach, rómánsúil is ea an dán seo. Tá an file ag féachaint siar thar na blianta go dtí laethanta a hóige. Tá cuimhní deasa aici ar na laethanta sin.

Thaitin Jack léi mar bhí sé dathúil, séimh agus neamhspleách.

Bhí an am sin speisialta mar bhí siad sí féin agus Jack an-chairdiúil le chéile.

An mothúchán is láidre sa dán seo ná cumha i ndiaidh na hóige (nostalgia). Is léir gur duine maoithneach (sentimental) í an file.

Personal tools