Dán do Mhelissa

From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes

Jump to: navigation, search

Léiríonn an dán seo an grá atá ag an bhfile da hiníon. Is léir seo ón gcéad líne nuair a deir sí “Mo pháistín fionn”. Léiríonn an nóta pearsanta seo an cion atá aici uirthi. Mar an gcéanna feictear san athrá sa líne “tiolachím gach a bhfuil sa domhan seo mín, mín” an grá atá aici atá comh doimhin sin go dtabharfadh sí aon rud di, fiú a saol.
 
Tá an file ag iarradh domhan foirfe , soineanta, gan bhrú nó conbhinsiún a bhronnadh ar an iníon. Ní bheadh foréigean nó coimhlint sa domhan seo. “Luífheadh an leon síos leis an uan caorach. Ní bheadh eagla nó bac uirthi. “Bheadh geataí an ghairdín ar leatheadh go moch is go déanach.” B’fhéidir go bhfuil sí ag rá freisin nach mbeadh gá í a chosaint, nach mbeadh “claimhe lasraithe á fhearadh ag Ceiribín”. De ghnáth is siombail í an Ceiribín don ghrá agus b’fhéidir go bhfuil sí ag rá go bhuil sí á cosaint mar gheall ar a grá dá iníon. D’fhéadfadh sé a bheith freisin nach bhfuil an file ag iarradh go mbeadh an Eaglais mar chosc ar a hiníon. Deir sí freisin nach mbeadh náire uirthi ach oiread, go mbeadh saoirse iomlán aici. “Ní bheadh gá le duilliúr fige mar naprúin íochtair.”
 
Sa véarsa deireanach geallann an file,“seo dearbhú ó do Mhaithrín”, go rachfadh sí “idir dhá mhuilleann i muillte Dé chun nach milltí thú mín, mín.” Tá a grá di comh láidir sin go rachadh sí i gcoinne mín Dé agus go dtabharfadh sí a bheatha féin ar a son.
 
Tá saghas eile grá le feiceáil sa dán seo freisin. Tá grá ag an bhfile don nádúr mar go bhfeiceann sí comhionnas idir an dúlra ag fás agus a hiníon bheag. Luann sí an “feileastrom” an “gearrcach éin” agus “an portán glas ag siúl... go néata”, mar rudaí ina bhfuil sí ag iarradh go gcuirfeadh an pháiste suim chun cabhrú lena forbairt agus chun taitneamh a bhaint astu.
Gailge Páipéar 2 Notes

Who Added These Notes?

Hdbw

Personal tools
Sponsors
  • Main contributors