Aiste ar Pholaitóirí

From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes

Jump to: navigation, search

Conas is feidir a rá go bhfuil ceannaireacht eifeachtach in Éirinn sa lá atá inniu ann? Ta ceannaireact eifeachtach sa chóras sláinte in easnamh. Ní beag a bhfuil ráite faoin stáid eigeandála a thachtann ospidéal no tire seo Domhnach is dálach. Bíonn cosmhuintir na tire seo, seandaoine ach go háirithe, ag fanacht ar obraidí bliain i ndiadh a chéile. Deirtear gur i dtús na hacaide is fusa i leigheas agus caithfear a rá gur fíor sin sa chás seo. An bhfuil fuascailt na faidhbe le fáil? Mura ndéanfar iarracht an cás a réiteach, ní bheidh leigheas ar choiche. Ní leor deora ó na polaitoirí. Níl gar i gcáint. Caithfear an gníomh a chur leis an bhfocal.


Feictear domsa go bhfuil bochtaineacht coitianta i gceantair éagsúla na tíre fós. Tá seandaoine ag maireachtáil go beo bocht sna cathracha agus faoin tuath fós gan tacaíocht. Ní dhearna an Tiogair Ceilteach nó na pholaiteoirí puinn difriochta do dhaoine áirithe sa tsochaí i ndeireadh na dála. Is fíor-annamh a théann aoin duine ó cheantar bocht ar an ollscoil. Tá an fhadhb sin chomh sean leis na cnoic. Gan amhras, dá mbéadh plean fádtearmach ag na polaiteoirí, d'fheadfaí an scéal a leigheas.


Is é mo thuairim laidir go bhfuil meas an phobail ar mionlaigh ag dul i laghad lá i ndiadh lae. Níl éinne sásta a bheith ina chónaí in aice leis an lucht siúil. Teipeann ar dhaoine óga an lucht siúil freastal ar bhunscoil gan tracht ar mheanscoil nó ar ollscoil. Ní fhaigheann daoine a bhfuil máchail intinne nó coirp orthu an tacaíocht chuí sa tír seo cé go bhfuil státchistí na tíre lán. Ní fhaigheann mionlaigh a gceart sa chóras oideachais go fóill. An bhfuil réiteach ar an bhfadhb? Teastaíonn tuiscint láidir agus ceannaireacht láidir sa tír seo chun an scéal a chur ina cheart.


Feictear domsa nach bhfuil meas ró-mhór ag an bpobal ar pholaiteoirí. Is iomaí cúis atá leis sin. Tádrochiompar i meash na bpolaiteoirí coitianta go maith. Bíonn chuid ám acu, insíonn siad bréaga. Níl siad ábalta ceisteanna simplí a fhreagairt fiú. Ní bhíonn saol gan locht, mar a deir an seanfhocal agus is fíor go ndéanann gach duine botún. An feidir cúrsaí a athrú? Teastaíonn machtanacht agus ceannaireacht chun é a leigheas.

Who Added These Notes?

NadzMeehanRyan

Personal tools
Sponsors
  • Main contributors