Úirchill an Chreagáin
From ZuluNotes - Free Leaving Cert Notes
Is aisling pholaitiúil fháthchiallach (allegorical) atá I bhfoirm comhrá an dán seo.
Chuaigh an file a chodladh I gCill an Chreagáin agus brón air.
Tháinig bean álainn (spearbhean) chuige agus iarrann sí air teacht léi go Tír na nÓg, áit a mbeidh áthas air arís.
Níor theastaigh uaidh a bhean agus a chaired a fhágáil agus dúirt sí leis nach bhfuil meas ar bith ag éinne air mar fhile.
Dúirt sí leis gur síog í agus go raibh sí ina cónaí i Móta, I gContae na hIarmhí.
Dúirt an file léi go raibh a chroí briste agus dúirt sí leis go mbeadh sé níos fearr dá rachadh sé léi.
Dúirt an file go mbeadh sé sásta dul léi ar choinníoll go gcuirfí I reilig an Chreagáin é.

